Jump to content

Vicipéid:Fáilte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lógó na Vicipéide

Fáilte chuig Vicipéid na Gaeilge
An chiclipéid shaor ar féidir le cách í a chur in eagar

Tá fáilte romhat chuig an Vicipéid, an chiclipéid shaor ar féidir le cách í a chur in eagar. Is é Vicipéid na Gaeilge an leagan Gaeilge den Vicipéid.

Is féidir le duine ar bith, tusa san áireamh, alt ar bith anseo a chur in eagar anois díreach. Más rud nua duit é, tosaigh leis an Réamhrá.

An Vicipéid i mbeagán focal (Samhain 2026)
An Vicipéid ar fud an domhain
Leaganacha teanga348
Ailt iontu ar fad68,664,565
Vicipéid na Gaeilge
Tús curtha léi7 Meitheamh 2003
Ailt faoi láthair64,571
Ceadúnas
CC BY-SA 4.0

Tá gach alt faoi cheadúnas saor. Mar sin, beifear in ann teacht orthu go deo gan bhac.

🌱 Ag tosú amach

[athraigh foinse]
  1. Moltar duit cuntas a chruthú sula ndéanann tú aon eagarthóireacht. Beidh sé níos éasca comhoibriú leat agus dul i dteagmháil leat maidir le do chuid oibre.
  2. Cleacht ar an gClár Dubh ata agatsa ar dtús (féach thíos).
  3. Chun alt a athrú, cliceáil nó tapáil ar Cuir in eagar nó Cuir foinse in eagar ag barr an leathanaigh. Léigh conas alt a chur in eagar.
  4. Más mian leat scríobh faoi ábhar nach bhfuil ar an suíomh go fóill, is féidir leat alt nua a chruthú.
  5. Ceist bhunúsach agat? Féach ar na ceisteanna ginearálta.

🧭 Slí na Vicipéideoirí

[athraigh foinse]

Is cúrsa á fhorbairt é Slí na Vicipéideoirí d'eagarthóirí nua. Treoracha simplí atá ann, céim ar chéim, ó chuntas a chruthú go halt a scríobh.

Leathanaigh nua go dtí seo:

Féach ar na leathanaigh ar fad sa chatagóir.

🧪 Do Chlár Dubh

[athraigh foinse]

Is é an Clár Dubh d'áit chleachtaidh. Níl sé mar chuid den chiclipéid, mar sin is féidir leat triail a bhaint as rudaí gan imní: alt a dhréachtú, teimpléad a thástáil, nó foghlaim conas a oibríonn an cód.

Is féidir leat alt iomlán a scríobh ansin sula bhfoilsíonn tú é. Tá leideanna ar conas leathanach iontach a scríobh, agus liosta de theimpléid choitianta san achoimre ar theimpléid.

Ar mhaith leat go bhféachfadh duine eile ar do dhréacht? Cabhair uait le teimpléid, nó le rud ar bith eile? Fág nóta ar an Halla baile le nasc chuig do Chlár Dubh.

Oscail do Chlár Dubh

✍️ Ag scríobh as Gaeilge

[athraigh foinse]

Ná bí buartha mura bhfuil Gaeilge líofa agat. Cuir an teimpléad {{Athbhreithniú}} ag barr an ailt. Féachfaidh cainteoir dúchais nó cainteoir líofa ar an litriú agus ar an ngramadach níos déanaí.

Lean an Lámhleabhar stíle chun ailt a choinneáil chomhsheasmhach.

Má theastaíonn focal nó téarma uait, nó má tá tú ag seiceáil do chuid Gaeilge:

📏 Beartais agus treoirlínte

[athraigh foinse]

Tá beartais agus treoirlínte i bhfeidhm chun obair éifeachtach a chinntiú. Mar shampla, caithfear gach alt a scríobh le dearcadh neodrach, neamhchlaonta, fiú ailt ar ábhair chonspóideacha.

Is féidir le duine ar bith an téacs a úsáid agus a roinnt, ach an fhoinse a lua agus an ceadúnas céanna a choinneáil.

💪 Bí dána

[athraigh foinse]

Tá gá ag Vicipéid na Gaeilge leatsa. Ná fan go mbeidh gach rud foirfe. Má fheiceann tú botún, ceartaigh é. Má tá eolas agat, cuir leis.

Ní "dána" sa chiall "crosta" atá i gceist anseo, ach misneach. Is é an smaoineamh céanna atá i ngach ceann díobh seo:

  • Bí misniúil
  • Bí calma
  • Tabhair faoi
  • Ná bíodh eagla ort

Ní féidir leat aon rud a bhriseadh. Coinnítear gach leagan de gach leathanach, agus is féidir athrú ar bith a chealú ón gcluaisín Féach ar stair. Ar ábhair chonspóideacha, léigh na beartais ar dtús.

🤝 Bí páirteach

[athraigh foinse]

Eagraíonn Pobal Éireann Wikimedia (PÉW) oiliúint agus imeachtaí d'eagarthóirí nua agus d'eagarthóirí atá ann cheana.

  • Leathanach PÉW ar Meta – eolas faoi WCI agus imeachtaí atá ar na bacáin
  • Amy Uí Ríordáin – Bainisteoir Pobail PÉW. Fág teachtaireacht chun oiliúint a chur in áirithe nó chun páirt a ghlacadh

💬 Cabhair

[athraigh foinse]

Ceist agat nó fadhb theicniúil? Cuir í ar an Halla baile. Bíonn comhráite ar siúl sa Lárionad comhphobail freisin.

Go n-éirí leat!

🔗 Féach freisin

[athraigh foinse]