Aimsir na bliana 2025
| Cineál | events in a specific year or time period (en) | ||
|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 2025 | ||
Bhí teochtaí curiarrachta nua ann ar fud an domhain, aon uair amháin eile, le linn 2025. Mar shampla, bhí mí an Mhárta 2025 an Márta ba theo dár taifeadadh riamh san Eoraip (go dtí sin).[1][2]





Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí teochtaí curiarrachta ann ar fud an domhain le linn 2024. Ar an 10 Eanáir 2025, dúirt an tseirbhís Copernicus, a dhéanann anailís ar an athrú aeráide, gurbh í an bhliain 2024 ba theo riamh ó cuireadh tús le taifid.[3]
Ag deireadh na bliana 2024, bhí an chuid is mó taighdeoirí ag súil go mbeadh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024, mar gheall ar El Niño 2023-2024. Tá baint ag El Niño le hardú teochta, fearthainn throm agus triomach ar fud an domhain ó am go chéile,[4] Tháinig La Niña in áit El Niño i ndeireadh na bliana 2024.[5] Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar theacht La Niña in áit El Niño. Ach a mhalairt ar fad a tharla agus bhris Eanáir 2025 taifead Eanáir 2024.[6]
2025
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Eanáir 2025 an mhí Eanáir ba theo riamh ar domhan, go dtí sin. Ceapadh go mbeadh Eanáir 2025 níos fuaire ná Eanáir 2024 mar gheall ar imeacht El Niño. Ach a leithéid a tharla agus bhris Eanáir 2025 taifead Eanáir 2024. Lean an taifead nua sraith de thaifid teochta níos airde ó lár 2023. Ach fós, i mí Feabhra, bhí an chuid is mó taighdeoirí ag súil go mbeadh 2025 beagán níos fuaire ná 2023 agus 2024.[6]
Taifead aeráide aon uair amháin eile: bhí mí an Mhárta 2025 an Márta ba theo dár taifeadadh riamh san Eoraip (go dtí sin), dar le Copernicus[1][2] agus focal ar bith faoi ar tuairisc.ie nó rte.ie. Dar le Copernicus, d'ardaigh meánteocht na mór-roinne i mí Márta go dtí breis agus 6 Celsius, rud a d’fhág go raibh sé 0.26C ní ba theo ná mí Márta 2014, an ceann ba theo roimhe sin.[7] Ar bhonn domhanda bhí an teocht 1.6C níos airde ná na leibhéil a bhí ann roimh an ré thionsclaíoch, rud ar ábhar mór imní é ó tharla go raibh sé de sprioc ag an domhan ag an am an difear sin a shrianadh go dtí 1.5C faoi 2100. Le cois an teasa neamhghnách san Eoraip, thit muiroighear an Artaigh go dtí an leibhéal ab ísle in aon mhí Márta ag a bhfuil sonraí satailíte ag Copernicus ina leith.[7]
Bhuail tonn teasa iarthar na hEorpa i mí an Mheithimh 2025.
Tubaistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhris falscaithe amach i Los Angeles agus sna ceantair máguaird ar chósta thiar na Stát Aontaithe i mí Eanáir 2025, Ba mhillteanach an tubaiste timpeallachta é.[8]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba í 2025 an dara bliain ba teocha in Éirinn ó tosaíodh na taifid agus tá 7 gcinn den 10 mbliana ba theocha riamh tagtha le 20 bliain anuas. Bhí an bháisteach níos tréine freisin.[9]
I dtús mhí Aibreáin in Éirinn, bhí an aimsir "breá" brothallach. Bhí idir theaspach agus thriomach ar fud na tíre idir 8-11 Aibreán – teaspach de réir Met Éireann agus triomach de réir Uisce Éireann – agus an teocht chomh hard le 21.8 céim i gCaisleán na Deirge ar an 10 Aibreán.[10] Bhí Uisce Éireann ag achainí ar an bpobal a bheith spárálach agus uisce a chaomhnú.[11]
Bhí an teocht chomh hard le 29+ céim in áiteanna in Éirinn ar an 20-21 Meitheamh[12][13] agus bhí an samhradh thar a bheith brothallach. Timpeall 19 Iúil 2025, fuair idir 800 agus 900 iasc bás in Abhainn Dhroichead Uí Dhálaigh in oirthuaisceart Loch Síleann i gCo an Chabháin. An aimsir ba chúis le marú na n-iasc. Bhí teocht an uisce ró-ard agus an leibhéal ocsaigine tuaslagtha ró-íseal ag an am.[14]
Ba le Stoirm Éowyn in 2025 a tháinig na gálaí ba mheasa riamh agus ba í an stoirm ba mheasa riamh ó thaobh costais agus luach €300 milliún de chúiteamh árachais íoctha amach, gan trácht ar na laigeachtaí a léiríodh sa ngréasán fuinnimh agus uisce agus cumarsáide. Ar an taobh eile den scéal b'éigean d'Uisce Éireann ciondáil a dhéanamh ar 49 soláthar uisce poiblí sa samhradh anuraidh nuair a tugadh foláireamh teaspaigh in 15 contae.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Copernicus (2025-04-08). "Second-warmest March globally, large wet and dry anomalies in Europe". climate.copernicus.eu. Dáta rochtana: 2025-04-09.
- 1 2 SEAANDJOB. "World’s Record-Breaking Heat Streak Extends Into March | Sea and Job" (en-US). Dáta rochtana: 2025-04-09.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-01-10). "'2024 ba theo riamh'-Copernicus" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-12-28). "Met Éireann: 2023 ar an mbliain ba theo riamh" (as ga-IE).
- ↑ Juan Hernandez (2025-02-07). "Despite Arrival of La Niña, 2025 Began With the Warmest January On Record" (en-US). The Inertia. Dáta rochtana: 2025-02-08.
- 1 2 Conradh na Gaeilge, Londain (8 Feabhra 2025). "Nuacht Mhall (Ard Mhacha)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-02-08.
- 1 2 Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}. NÓS (2025-04-10). "" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Samuel Granados, Nicholas Bogel-Burroughs, Soumya Karlamangla (2025-01-09). "How the Destruction in Los Angeles Ranks in California’s Fire History" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-01-10.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-04-01). ""Praiseach" ó neamart Rialtas cáinte ag Ceannasaí Athrú Aeráide" (as ga-IE).
- ↑ "Highest temperature of the year reached as hay fever season continues" (en-GB). BBC Weather (2025-04-11). Dáta rochtana: 2025-04-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-09). "Teocht chomh hard le 20 céim inniu, 21 céim amárach" (as ga-IE).
- ↑ "NI weather: Mini heatwave ends with scattered showers to continue" (en-GB). BelfastTelegraph.co.uk (2025-06-22). Dáta rochtana: 2025-06-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-20). "Teaspach as cuimse geallta, athrú aeráide is cúis leis" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-29). "'Iascach Intíre Éireann leis an dlí a chur ar thruaillitheoirí'" (as ga-IE).