Blaise Pascal
Cuma
Ba fhealsamh, diagaire, matamaiticeoir agus fisiceoir Francach é Blaise Pascal (19 Meitheamh 1623, Clermont-Ferrand - 19 Lúnasa 1662, Páras). I ndiaidh a bháis a foilsíodh a chuid "Pensées" is rinne Breandán Ó Doibhlin iad a aistriú go Gaeilge in "Smaointe le Blaise Pascal" (Coiscéim, 1994).[1][2]
Aireagóir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhunaigh Pascal teoiric nua-aoiseach na dóchúlachta, agus in 1647 d'fhionn sé meaisín ríomhaireachta.
Rinne sé staidéar ar an gciorclóid, agus chuidigh le forbairt an chalcalais dhifreálaigh.
Ina thaighde ar shreabháin, dhíorthaigh sé dlí Pascal.
D'fhionn Pascal an baraiméadar, an fáisceán hiodrálach, agus an steallaire.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]In Eaglais Saint-Étienne-du-Mont, sa Quartier Latin i bPáras atá an tuama aige.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pascal (teanga): Ainrnníodh an teanga ríomhaire Pascal as. Teanga ardleibhéil ríomhaire a d'fhás as Algol i ndeireadh na 1960idí.
- Pascal (aonad): Is é an Pascal aonad brú an SI, leis an tsiombail Pa, ainmnithe as Blaise Pascal.
- Dlí Pascal, bunús na hiodráilice: An brú a chuirtear i bhfeidhm ar shreabhán (gás nó leacht) sáinnithe, tarchuirtear é neamhlaghdaithe ar fud an tsreabháin i ngach treo. Feidhmíonn sé ar gach cuid de bhalla an tsoithigh sháinnithe is ingearach le taobh istigh an bhalla sin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Breandán Ó Doibhlin (1994). Coiscéim: ""Smaointe le Blaise Pascal"". library.celt.dias.ie. Dáta rochtana: 2026-03-08.
- ↑ Darragh Ó Caoimh / RTÉ (2026-03-07). "Fealsúnacht agus filíocht d'fhear óg sa Fhrainc" (as ga).