Tomás Ó Fiaich
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 3 Samhain 1923 Coilleach Eanach, Northern Ireland |
| Bás | 8 Bealtaine 1990 66 bliana d'aois Toulouse, An Fhrainc |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach) |
| Áit adhlactha | Ardeaglais Phádraig |
| 30 Meitheamh 1979 – 8 Bealtaine 1990 | |
| Ard-Easpag Caitliceach Ard Mhacha | |
| 2 Deireadh Fómhair 1977 – ← William John Conway – Cathal Ó Dálaigh → Deoise: Ard-Deoise Ard Mhacha | |
| President of the Irish Catholic Bishops' Conference (en) | |
| | |
| Faisnéis phearsanta | |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Phádraig, Má Nuad Coláiste Pheadair, Loch Garman |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | easpag Caitliceach (1977–), sagart Caitliceach (1948–) |
| Fostóir | Seanchas Ard Mhacha (1954–1977) |
| Teangacha | An Ghaeilge |
| Coisreacan | Gaetano Alibrandi |
Scoláire, staraí agus Cairdinéal ab ea Tomás Séamus Ó Fiaich (3 Samhain 1923 – 8 Bealtaine 1990).[1] Bhí sé ina Ardeaspag ar Ard Mhacha agus ina Phríomháidh ar Éirinn Uile ó 1977 go dtí a bhás. Thomas Fee an t-ainm a tugadh air ar dtús. Ghlac sé leis an leagan Gaelaithe nuair a bhí sé ina léachtóir i Maigh Nuad.

Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh i gCoilleach Eanach i gContae Ard Mhacha in Éirinn é an 3 Samhain 1923. Tógadh i gCamloch é. Múinteoirí a thuismitheoirí, Pádraig Ó Fiaich agus Áine Ní Fhearchair, agus bhí mac eile acu, Pádraig.[2] Cailleadh an mháthair nuair nach raibh ach ocht mbliana d’aois ag Tomás, agus is í deirfiúr an athar a thug aire don teaghlach ina dhiaidh sin. Fuair sé a chuid bunscolaíochta sa Chreagán Dubh, mar a raibh a athair ina phríomhoide, agus is ann a mhúscail múinteoir óg a spéis sa Ghaeilge. Ansin d’fhreastail sé ar Scoil Ghramadaí Naomh Pádraig in Ard Mhacha.
Chuaigh sé chun na hollscoile i Maigh Nuad (1940-44) agus bahin sé céim BA amach sa léann Ceilteach. Cuireadh go Coláiste Pheadair i Loch Garman é, agus oirníodh ina shagart é an 6 Meitheamh 1948.[3]
Rinne sé staidéar iarchéime i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (1948–1950) agus ghnóthaigh sé céim M.A. sa luathstair agus i stair na meánaoiseanna in Éirinn. Ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ó 1950 go 1952 in ollscoil Lováin na Beilge, mar ar bhain sé amach ceadúnas sna heolaíochtaí staire (Lic.Sc.Hist.) lena thráchtas The Church in Armagh under lay control.
Chaith sé tamall ina dheoise féin ansin mar shéiplíneach i bparóiste Chluain Fhiacail, Contae Thír Eoghain.
Maigh Nuad
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé post mar léachtóir staire i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad sa bhliain 1953. Ceapadh ina Ollamh le Nua-Stair na hÉireann é sa bhliain 1959, post a bhí aige go dtí 1974. Bhí sé ina leasuachtarán ar an gcoláiste ó 1970 go 1974 agus ina uachtarán air ó 1974 go 1977.[3]
Ardeaspag agus cairdinéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis bhás an Chairdinéil William Conway i mí Aibreáin 1977, cheap an Pápa Pól VI ina Ardeaspag ar Ard Mhacha agus ina Phríomháidh ar Éirinn Uile é an 18 Lúnasa 1977. Coisreacadh ina easpag é an 2 Deireadh Fómhair 1977.[3] Rinne an Pápa Eoin Pól II cairdinéal de an 30 Meitheamh 1979, agus ceapadh ina shagart cairdinéalach ar theideal San Patrizio sa Róimh é. Fratres in unum an mana a bhí aige.
Ba é an chéad ócáid mhór dá réimeas an chuairt a thug an Pápa Eoin Pól II ar Éirinn ó 29 Meán Fómhair go 1 Deireadh Fómhair 1979, an chéad chuairt riamh ó phápa ar an tír. Bhí Ó Fiaich lena thaobh ar feadh na cuairte ar fad.
Na Trioblóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain conspóid lena cheapachán mar gheall ar a dhílseacht dá dhúiche féin, dúiche a bhí sáite sna Trioblóidí idir Poblachtánaigh, Dílseoirí agus Arm na Breataine lena linn. Deirtear go raibh “Ó Fiaich gafa idir thine an dá arm, é ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an dá thaobh, an IRA agus rialtas na Breataine agus Aontachtaithe Uladh”.[2] Mheas rialtas na Breataine agus rialtas na Poblachta araon go raibh sé ró-bháúil leis na Sealadaigh, agus ba mhinic é faoi cháineadh ó Aontachtaithe chomh maith.
Thug sé cuairt ar phríosúnaigh phoblachtánacha i bpríosún na Ceise Fada, agus cháin sé go géar na dálaí ina rabhthas á gcoinneáil le linn na hagóide salaí. Le linn stailc ocrais 1981 measadh gur imir sé tionchar faoi rún ar an dá thaobh. Mar sin féin, cháin sé an foréigean féin arís is arís eile.

An Ghaeilge agus a shaothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó na 1950idí ar aghaidh bhí Ó Fiaich ar dhuine de mhórphearsana athbheochan na Gaeilge.[2] Sheas sé go láidir i gcoinne naimhde na Gaeilge le linn dó a bheith i Maigh Nuad, agus chuir sé go mór le scoláireacht na teanga chomh maith. Bhí aithne mhaith air i nGaeltacht Thír Chonaill agus is iomaí lá a chaith sé ar cuairt inti.
D’fhoilsigh sé i rith 1960–79:
- Gaelscrínte i gcéin (1960) (eagrán nua faoin teideal Gaelscrínte san Eoraip, 1986); Irish cultural influences in Europe (1966);
- Leabhar Aifrinn don phobal (1966) (aistriúchán ar The people’s Mass book);
- Imeacht na nIarlaí (1972) (le Pádraig de Barra);
- Má Nuad (1972);
- Art Mac Cooey and his times (1973); Art Mac Cumhaigh: dánta (1973);
- Columbanus in his own words (1974);
- Oliver Plunkett: Ireland’s new saint (1975); Oilibhéar Pluincéid (1976);
- Art Mac Bionaid: dánta (1979) (i gcomhar le Liam Ó Caithnia).
Ba é a bhí ag cabhrú le Pádraig Ó Fiannachta chun leabhair an Tiomna Nua a stiúradh tríd an gcló.[2] Foilsíodh cnuasach dá chuid aistí i 1992 faoin teideal Ón Chreagán go Ceann Dubhrann.

Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Ó Fiaich bás de thaom croí i Toulouse na Fraince tráthnóna an 8 Bealtaine 1990, agus é i gceannas ar oilithreacht bhliantúil Ard-Deoise Ard Mhacha go Lourdes. Bhí sé 66 bliana d’aois. Bhí sé tinn go gairid tar éis dó Aifreann a rá ag an uaimh in Lourdes agus tugadh ar héileacaptar chuig ospidéal i Toulouse é.[3]
Cuireadh i reilig Ardeaglais Phádraig in Ard Mhacha é. Cahal Daly a tháinig i gcomharbacht air mar ardeaspag agus mar chairdinéal.

Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí a fhios ag Tomás Ó Fiaich faoi na scannail ghnéis san eaglais (Fr. Sean Fortune srl).[4] Ach ní raibh na scannail sin san fhearann poiblí i ndáiríre nuair a bhí sé ina Chairdinéal.[5]
Osclaíodh Leabharlann Chuimhneacháin an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich in Ard Mhacha an 8 Bealtaine 1999. Tá bailiúchán fairsing ábhair ann faoi bhéaloideas, oidhreacht agus stair na hÉireann, chomh maith le páipéir phearsanta an chairdinéil féin agus cartlanna ardeaspag Ard Mhacha siar go dtí lár an 18ú haois.
Ainmníodh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste in ómós dó. Is san fhoirgneamh sin a bunaíodh Coláiste Feirste, an chéad iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá a bheathaisnéis scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Tomás Ó Fiaich (1990), agus ag Billy Fitzgerald, Father Tom: an authorised portrait of Father Tomás Ó Fiaich (1990).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ dib.ie. "Ó Fiaich, Tomás". Dáta rochtana: 2026.
- 1 2 3 4 ainm.ie. "Tomás Ó Fiaich". Dáta rochtana: LÚNASA 2018.
- 1 2 3 4 Leabharlann Chuimhneacháin an Chairdinéil Tomás Ó Fiaich. "Cardinal Tomás Ó Fiaich". Dáta rochtana: 2026.
- ↑ "On the Ferns Report" (en-GB). The Dublin Review. Dáta rochtana: 2026-08-18.
- ↑ "Clerical sex abuse: They knew, they insured and then did nothing | Magill". magill.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2026-08-18. Dáta rochtana: 2026-08-18.